Scéim Cónaitheachta Gaeilge

Bí i do chónaí i lóistín Gaelach áit a mbeidh deis agat:

  • lóistín a roinnt le cainteoirí Gaeilge eile agus tú ag tabhairt faoi do chéim in Ollscoil na Gaillimhe
  • do chuid Gaeilge a úsáid agus a chleachtadh agus tú mar chuid lárnach de phobal Gaeilge na hOllscoile i do bhaile nua
  • cur le do chuid scileanna teanga agus sóisialta ag na himeachtaí sóisialta Gaelacha agus cultúrtha a bheidh ar bun san Ollscoil agus a bheidh á reáchtáil ar an láthair lóistín

Beidh ocht gcinn d’árasáin ar fáil i mBaile na Coiribe agus beidh na seomraí seo a leanas ar fáil:

  • Seomra Singil (en suite príobháideach)
  • Seomra Dúbailte (en suite príobháideach)
  • Seomra Singil (en suite roinnte idir beirt)
  • Seomra Dúbailte (en suite roinnte idir beirt)

Ní bheidh seomraí gan en-suite ar fáil faoin Scéim Cónaitheachta Gaeilge.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Má tá spéis agat sa Scéim Cónaitheachta Gaeilge, déan teagmháil le hOifigeach na Gaeilge (oifigeachnagaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie) ag léiriú do chuid spéise sa Scéim. Spriocdháta: 10 Márta 2024

Déanfar iarratais a ghearrliostú agus cuirfear na mic léinn a n-éireoidh leo spás a fháil ar an ngearrliosta faoi agallamh i mí Aibreáin. Cuirfear spásanna ar fáil i mBloc na Gaeilge bunaithe ar na hagallaimh sin.

Níl aon ghealltanas tugtha go bhfaighidh gach mac léinn a dhéanfaidh iarratas ar lóistín tríd an Scéim Cónaitheachta Gaeilge seomra – níl ar fáil ach líon teoranta spásanna.

Dá bhrí sin, moltar go láidir duit iarratas ginearálta a dhéanamh ar lóistín ar champas na hOllscoile freisin (eolas ar fáil anseo). D’fhéadfaí seomra a thairiscint duit má roghnaítear thú tríd an gcóras crannchuir (tabhair faoi deara, áfach, nach seomra i dTeach na Gaeilge a bheadh i gceist).

Tabhair faoi deara go mbeidh praghsanna éagsúla i gceist do sheomraí éagsúla.

Scéim Cónaitheachta Gaeilge – Irish Language Residential Scheme

Want to live in an Irish-speaking environment? The Irish Language Residential Scheme gives you the opportunity to:

  • share accommodation with other Irish speakers as you embark on your degree at University of Galway
  • use and practise your Irish and immerse yourself in the University’s Irish-speaking community in your new home away from home
  • improve your language and social skills at Irish social and cultural events that will be held on campus and on-site

8 apartments will be available under this scheme in Corrib Village and the following room types will be available:

  • Single bedroom (private en suite)
  • Double bedroom (private en suite)
  • Single bedroom (en suite bathroom shared between two people)
  • Double bedroom (en suite bathroom shared between two people)

Only en-suite bedrooms will be available under the scheme.

How to Apply

If you are interested in the Irish Language Residential Scheme, please contact Oifigeach na Gaeilge (oifigeachnagaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie) to express your interest. Deadline for applications: 10 March 2024

All shortlisted applicants will be interviewed in April 2024 and places in Bloc na Gaeilge will be allocated based on the interviews.

Please note that the number of rooms available through this scheme is limited, and applying does not guarantee that you will be offered a room. Therefore, it is strongly advised that you make a general application for campus accommodation (see here for information) – if you do, you may be offered a room if you are selected through the random lottery system (however please note it would not be a room in a designated Irish-speaking apartment).

Please note that accommodation prices vary for each room type.